CLICK HERE FOR BLOGGER TEMPLATES AND MYSPACE LAYOUTS »

Friday, July 17, 2009

Nuashonrú

Dia Dhaoibh!

Bheul ní scríobh mé anseo ar feadh tamaillín agus tá a lán nuacht agam ach beidir nach mbeidh mé abalta gach rud a cuimhnigh ach deanfaidh mé iarracht ar aon nós.
Ar dtús, an rud is tabhachtach- Tá mo buachaill abhaile! Thainig sé abhaile beagainín níos mó na seachtain ó shin agus tá sasta an domhain orm. Bhíodh muid ag caitheamh am le cheile, táim ag scriobh é seo ar a riomhaire. Táim ag fanacht leis ar fadh cupla lá.

Chuaigh muid go dtí an phictuirlann inniú chun 'Bruno' a feiceal... Is scannain an aisteach é gan dabht- Tá sé greannmhar, ach i cupla aiteanna tá sé beaganín ró-dhóna! Bhí mé mar "O.MO.DHIA!"

Chuaigh muid amach ar Dé Ceadaoin le breithlá mo chara. Fuair mise agus na cailiní (agus buachaill J) bia i Capt. America's, agus ansin chuaigh muid go léir go dtí Capitol agus buailimid le mo buachaill ansin. Tár éis sin, chuaigh muid go Coppers agus bhí oiche craicailte againn ar fad. Bíonn gach oiche craicailte i Coppers ar aon nós agus bhí gach duine an-meisce, agus bhí brón ar L mar mothaionn sé gur chaith mise agus an gcailín eile an t-am ar fad le na buachaillí agus níor chaith einne t-am leí. Chonaic R í ag caoineadh, agus chuir sé a géag timpeall í agus bhí sé an-déas leí agus cheap mé go raibh sé sin go hiontach. Bhí sí níos fearr tar eis tamallín. Bhí mo chara timpeall don bear agus bhí ionadh an domhain orm nuair a fuairim deoch! Aitch.

Cad éile? Níl fhios agam i ndairire... Cheannaigh mé ceamara nua agus is aoibhinn liom é, agus táim ag fáil rae le Thailand ar an am seo... Tá sceitiminí orm, ach níl mo obair ollscoile deanta agam fós agus tá imní orm faoi sin.. Caithfidh mé é sin a thosnú go luath.. Sín an fath táim ar an riomhaire anois, ach bhí mé ag iarraidh rud ghearr a scríobh roimh an obair a thosnú... Right bhuel níl aon leithscéal faghta agam anois, caithfidh mé iad a thosnú!

Grá, a chairde x

0 comments: